Iarann an Feachtas um Chearta Ginmhillte (FCG) ort páirt a ghlacadh sa suirbhé seo faoin taithí atá agat ginmhilleadh a fháil — nó iarracht a dhéanamh ginmhilleadh a fháil — in Éirinn ó tugadh ginmhilleadh dleathach isteach i mhí Eanáir 2019. Ní gá d’ainm a chur leis an suirbhé. Táimid ag iarraidh ar dhaoine a dtaithí phearsanta a roinnt linn chun cur leis an tuiscint atá againn ar an tslí a n-oibríonn seirbhís ginmhillte na hÉireann. Úsáidfimid an t-eolas a bhaileofar sa suirbhé seo inár bhfeachtas ar son aon fheabhsúcháin a bheidh de dhíth
Is féidir leat an suirbhé a fhreagairt má:
Bhí ginmhilleadh agat in Éirinn ó bhí an 2 Eanáir 2019 ann.
Rinne tú iarracht ginmhilleadh a fháil in Éirinn ó bhí an 2 Eanáir 2019 ann.
Maidir leis an suirbhé:
● Glacfaidh sé tuairim is 30 nóiméad an suirbhé a chomhlánú.
● Ní gá d’ainm a chur leis an suirbhé. Ní iarrfar ort d’ainm nó aon eolas eile ónar féidir tú a aithint. Ní féidir do sheoladh IP a rianú.
● Glacfaidh tú páirt sa suirbhé go hiomlán de do dheoin féin. Ní gá duit gach ceist a fhreagairt mura mian leat.
● D’fhéadfadh sé go luafaimid sleachta as freagraí an tsuirbhé in ábhair abhcóideachta nó in ábhair faisnéise má tá tú toilteanach; luafar na sleachta seo i gcónaí gan ainm.
● Fiafrófar díot arís ag deireadh an tsuirbhé an bhfuil tú sásta go n-úsáidtear do chuid freagraí gan ainm. Is féidir leat an suirbhé a chomhlánú agus ‘no’ a roghnú mar fhreagra ar an gceist seo agus ní úsáidfear do chuid freagraí.
● Is féidir leat dul amach as an suirbhé am ar bith roimh ‘submit’ a chliceáil agus ní shábhálfar do chuid sonraí.
Beidh na sonraí ar fad a bhaileofar sa suirbhé stóráilte go sábháilte ag an bhFeachtas um Chearta Ginmhillte. Nuair a bheidh an tionscadal críochnaithe, cuirfear do chuid freagraí i dtaisce ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann, má tá tú toilteanach. Cuirfear na sonraí ar fáil do thaighdeoirí eile ar fud an domhain mar áis taighde agus chun seirbhísí sláinte a fheabhsú. Ós rud é go bhfuil do chuid freagraí sa suirbhé seo gan ainm, níl bealach ar bith ann gur féidir tú a aithint.
Tar éis an tsuirbhé:
Ag deireadh an tsuirbhé beidh tú in ann nasc a chliceáil chun nuachtlitir an FCG agus an t-eolas is deireanaí faoin staidéar seo a fháil. Seolfaidh an nasc seo tú chuig leathanach gréasáin eile. Ní féidir nasc ar bith a dhéanamh idir aon chuid den eolas a chuireann tú ar fáil ar an leathanach eile agus do chuid freagraí sa suirbhé seo.
Chun tuilleadh eolais faoin suirbhé seo a fháil, tá fáilte romhat dul i dteagmháil linn am ar bith agus beimid sásta do cheisteanna a fhreagairt: survey@abortionrights.ie