Réamhrá

In 2021 agus 2022, forbraíodh comhshaothar leis an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil leis an tionscnamh de chuid Leabharlann Bheag a sholáthar.

Faoin scéim seo, tairgeadh mála leabhar do gach páiste 4 nó 5 bliana d’aois a bhí le tús a chur leis an scoil.

Sa mhála bhí leabhair, bileoga, agus cuireadh duit agus do do pháiste a bheith ina mball do bhur leabharlann áitiúil.

Ba bhreá linn d’aiseolas ar an scéim a fháil. Ba mhaith linn a bheith ar an eolas an ndearna na Málaí Leabhar leas duit agus do do pháiste. Ba mhaith linn a bheith ar an eolas faoin dóigh leis an scéim a fheabhsú do theaghlaigh eile fosta.

Rannpháirteach

D’iarr muid ar S3 Solutions an t-aiseolas s’agat ar an scéim a fháil. Is rud deonach é an suirbhé seo. Má fhreagraíonn tú ceist, is féidir leat an freagra a athrú. Is féidir leat stad a chur in am ar bith.
 
Cad a dhéanaimid leis an t-eolas a sholáthraíonn tú

Cuideoidh d’aiseolas linn cinneadh a dhéanamh an gcuireann muid an scéim ar siúl achan bhliain. Má chuireann muid an scéim ar siúl arís, cuideoidh d’aiseolas linn feabhas a chur uirthi.

Glacann an suirbhé thart ar 10 nóiméad a chur i gcrích, ach tá sé ceart go leor má ghlacann sé níos faide.

Tá rannpháirtíocht sa suirbhé seo go hiomlán deonach. Má chinneann tú na ceisteanna a fhreagairt is féidir leat d’intinn a athrú. Is féidir leat stad a chur in am ar bith.
 
Ní bhaileoidh muid faisnéis inaitheanta phearsanta ar bith.
 
Má tá ceist nó aiseolas ar bith eile agat a bheadh ina gcuidiú dúinn, cuir ag deireadh an tsuirbhé iad le do thoil.

Go raibh maith agat as an am a ghlacadh chun an suirbhé seo a chomhlánú. Is mór againn d'ionchur.

T